Na pléaráca thart

Tá an saol iarbhír á nochtadh arís eile

WARSAW, POLAND - MARCH 28: Poland's Prime Minister, Donald Tusk delivers a press statement together with Ukraine’s Prime Minister, Denys Shmyhal after bilateral meetings at the Chancellery of Prime Minister on March 28, 2024 in Warsaw, Poland. High up on the meeting's agenda is the Polish farmers' protest and border blockade due to Ukrainian agricultural products.  (Photo by Omar Marques/Getty Images)
WARSAW, POLAND - MARCH 28: Poland's Prime Minister, Donald Tusk delivers a press statement together with Ukraine’s Prime Minister, Denys Shmyhal after bilateral meetings at the Chancellery of Prime Minister on March 28, 2024 in Warsaw, Poland. High up on the meeting's agenda is the Polish farmers' protest and border blockade due to Ukrainian agricultural products. (Photo by Omar Marques/Getty Images)

Tá na pléaráca thart anois, agus caitheann gach duine filleadh ar a dhúiche féin. Tá na pubaill tógtha agus na giollaí go léir ag comhaireamh na gcostas. Na tiománaithe ag cur snasa ar na gluaisteáin i gcomhair an chéad mhórthionóil eile, agus ag glanadh amach an tsalachair a fágadh an turas seo. Na gíománaigh arís díomhaoin ar feadh tamaill, na cúlaistíní gan a bheith ag faire gach cor is cad tá sa phóca brollaigh ag cách. Na taidhleoirí ag tarraingt anála faoisimh nach mbeidh orthu seo a dhéanamh arís le linn dóibh féin a bheith ina dtaidhleoirí. Tá teacht an domhain (bhuel, cuid den Eoraip) chugainn thart ar deireadh, agus tosnaíonn an gnáthshaol ar é féin a nochtadh arís. Tá an Eoraip scaipithe ar ais go dtína gcoillte, a ndúnbhailte agus a bpáláis féin, agus tá Éire ina hÉirinn arís.

Ní foláir nó tá an filleadh sin dóibh a bheag nó a mhór ar nós duine ag teacht abhaile tar éis na laethanta saoire amuigh ansin san iasacht faoin ngrian. Tá a fhios agat féin, muran juncaí nuachta ar fad tú go mbíonn an claonadh agat cúraimí agus dualgais an bhaile a fhágaint i do dhiaidh agus freastal ar an uain bheo eile atá timpeall ort. Bia eile, ceol eile, teanga eile, praghsanna eile agus scéalta eile sa chás is go mbeadh spéis ar bith agat ina raibh ar siúl. Ach an túisce is a thuirlingíonn an t-eitleán ar an rúidbhealach agus a fheiceann tú na spéartha liatha arís, agus daoine le cótaí móra teo orthu, agus buataisí troma ar dhaoine agus iad ag siúl go tromspágach, agus an ghruaim ag fás go mall ar aghaidh gach duine ag iarraidh bagáiste a bhaint anuas ón raca, gan choinne, filleann an gnáthshaol ort agus tá cúraimí an lae amárach le léamh go soiléir ar an gciarsúr a thógann tú amach d’fhonn breith ar an sraoth.

Is mar sin a bhí sé do Friedrich Merz, an freasúra ag fás ar thaobh na dtaobhanna, stad a bheith ar phuinn fáis eacnamaíochta, an AfD ag mearú an tslua ar a shála aniar, agus cé gur dócha nach gcuireann a phlean ar lucht dídine a lorg a dhíbirt ar aghaidh go dtí campa géibhinn i Ruanda aon mhairg air, ar éigean gur scéim í a mbeidh aon mheas air i bhfad na haimsire má mhaireann puth den earra a dtugaimis daonnacht air.

Má bhí codladh sámh ag Donald Tusk ina leaba bhog i mBaile Átha Cliath ní móide go bhfaighidh mórán suain i Vársá agus é ar ais i gceárta polaitíocht na Polainne. Cuireadh breitheamh de chuid an Bhinse Bhunreachtúil an tseachtain cheana ar fionraí, agus lean círéibeanna agus slógaí sna sráideanna. Tá teannas mór ann, leis, idir é féin agus an tUachtarán Karol Nawrocki, a d’fhill abhaile ó thuras chun na hAfraice de dheasca na corraíola. Cuireann an t-uachtarán ina leith gur ag iarraidh coup d’etat a dhéanamh atá an Dónall T. eile seo.

Tá rialtais nua san Ungáir agus sa tSeirbia, ach níl na páirtithe a díbríodh ag fanacht go deas ciúin socair, agus cibé sos atá tagtha ar na léirsithe a las cathracha ar fud na hilchríche an mhí seo caite níl ann ach sámhnas corrashuantach. Na fadhbanna a las an spréach níl réitithe ná réitithe, agus tá na haibhleoga dearga ag cráindó ansin ag feitheamh le gaoth a ndúiseachta.

Ba mhór an spraoi a bhí ann dár muintirne chomh maith agus iad ar inn a gcáile. Ní bheidh a leithéid arís ann. Ach nuair a scaipeann an ceo, aníos as na béilí breátha blasta agus as na comhráití cliste caomhacha nochtfaidh an saol iarbhír chomh deacair casta do-mhaite is a bhí sé riamh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar