“Tá an todhchaí linn anois agus tá an Intleacht Shaorga lárnach ann, pé bealach a smaoiníonn muid air.”
Sin a dúirt Colm Ó Riain, saineolaí ar an Intleacht Shaorga (IS), agus é ag trácht ar cheann de mhórcheisteanna na linne: an tionchar a imreoidh an teicneolaíocht nua seo ar an saol.
Níl lá nach mbíonn tionchar na hIntleacht Saorga ar shaol an duine i gceannlínte na nuachta, ach mar sin féin, is tearc an trácht a dhéantar ar stádas na Gaeilge sa ré ‘nuashonraithe’ atá á tuar.
Ach ó thaobh teangacha mionlaithe de, glactar leis go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste mór i gcomparáid le hollteangacha an domhain toisc go mbíonn acmhainní riachtanacha - ar nós sonraí oiliúna a bhíonn de dhíth chun oiliúint a chur ar na córais IS - níos teoranta iontu ná mar a bhíonn sa Bhéarla, sa Spáinnis nó sa tSínis, cuir i gcás.
READ MORE
Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis ach tá muid ag iarraidh na buntáistí céanna a bheith sa Ghaeilge agus atá ag teangacha eile.
— Colm Ó Riain
Ach níos tromchúisí fós, b’fhéidir, tá teangacha mionlaithe faoi mhíbhuntáiste de bharr go mbíonn níos lú tacaíochta tráchtála acu - ná dearmad gur brabús atá mar cheannfháth ag comhlachtaí ar nós ChatGPT, Anthropic agus Gemini.
Mar sin féin, aithnítear gur gá an bhearna a laghdú agus tá obair ar siúl chun teangacha ar nós na Breatnaise, na Bascaise agus na Catalóinise a choinneáil san imirt. Anseo in Éirinn, tá Údarás na Gaeltachta ag obair ar sheirbhís Gaeilge IS a sholáthar a bheidh in úsáid le córais eile Intleachta Saorga faoi dheireadh na bliana seo.

An tseachtain seo caite seoladh Clár Ceannais LLM na Gaeilge, áis eolais an Údaráis a dhéanann measúnú ar chumas na samhlacha teanga móra, ar nós ChatGPT agus Gemini, freastal ar phobal na Gaeilge. Forbraíodh an clár i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Luimnigh, agus taighdeoirí neamhspleácha i mBaile Átha Cliath, agus tá sé ar fáil go poiblí anois ag udaras.ie.
Chum taighdeoirí clár a dhéanann anailís ar chumas na múnlaí IS an Ghaeilge a aistriú, agus scrúdaítear an bhfuil siad in ann plé go cumasach le gnéithe amhail gramadach, cultúr, agus comhthéacs na teanga.
Taispeánann torthaí an mheasúnaithe go bhfuil cloch mhíle mhór sroichte ag na múnlaí IS agus go bhfuiltear ag druidim i dtreo leibhéal cumais an duine i dtaca le tascanna Gaeilge a chomhlíonadh.
D’fhiafraigh Tuarascáil de Cholm Ó Riain, atá ina chomhairleoir Intleachta Saorga le hÚdarás na Gaeltachta agus a bhí ag obair ar an gclár ceannais, ar shíl sé go mbeidh buntáiste sa teicneolaíocht nuálach seo don teanga.
“Ní dóigh liom go bhfuil sé sin cinnte fós,” ar seisean.
Dúirt sé go bhfuil an freagra céanna ar an gceist seo i dtaobh na Gaeilge agus atá i dtaobh teangacha eile.
“Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis ach tá muid ag iarraidh na buntáistí céanna a bheith sa Ghaeilge agus atá ag teangacha eile.”
Ó thaobh cumais de, dar leis go mbíonn na múnlaí reatha ag streachailt “ó am go chéile” ach, mar sin féin, gur léir go bhfuil feabhas ag teacht ar a gcumas dul i ngleic le deacrachtaí teanga.
“Tá córais IS ag baint caighdeán daonna amach den chéad uair riamh,” a dúirt sé.
Má tá luas lasrach faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag na hearraí nua seo anois mar sin féin, déanann na múnlaí IS botúin. Mar shampla, uaireanta feictear focail Bhéarla leabaithe i bhfreagraí Gaeilge ar cheisteanna a chuirtear orthu.
Ach, dar le Ó Riain, gur léiriú é sin ar chosúlachtaí idir na bealaí a bhfoghlaimíonn na múnlaí na teangacha atá i gceist, agus na bealaí a bhfoghlaimíonn an duine daonna iad.
“Déanann muid féin ‘códmhalartú’ nuair nach bhfuil an focal cuí againn féin,” a dúirt sé. “Ar dtús, foghlaimíonn siad na rialacha agus éiríonn siad níos fearr. Ach cosúil linn féin, bíonn eisceachtaí ann. Sin an deacracht. Tá an deacracht chéanna ag an IS agus a bhíonn ag daoine,” a dúirt sé.
Ach má tá na múnlaí níos faide chun cinn sna hollteangacha, céard iad na dúshláin is mó is gá a shárú leis an mbearna sin a chúngú?
“Tá sé ana-thábhachtach go n-oibreodh siad sa Ghaeilge agus don Ghaeilge ó thaobh an chultúir agus an chomhthéacs chomh maith,” a dúirt Ó Riain.
Tá sé riachtanach mar sin go mbeadh níos mó sonraí ar ardchaighdeán ar fáil.
“An cur chuige atá againn faoi láthair ná ceann atá bunaithe ar shonraí. Caitear na sonraí ar an mballa agus feiceann muid cad a tharlaíonn. Níl sé soiléir, mar shampla, an mbeadh sé in ann An tOileánach a thuiscint, an bhfuil dóthain sonraí cultúrtha ag an LLM chun an leabhar a thuiscint. Níl sé soiléir domsa nó d’éinne faoi láthair an mbeidh sé sin riamh againn, nílim cinnte.”
Baol
Is minic a thuairiscítear an baol go bhfuil géarchéim dhífhostaíochta ag druidim orainn de bharr IS, gan trácht ar an tionchar a bheadh aige sin ar mheabhairshláinte agus ar an tsochaí i gcoitinne.
Agus an Stát i bhfad chun deiridh ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge, tá sé i gceist go gcuirfidh uirlis IS an údaráis leis an raon seirbhísí Gaeilge atá ar fáil. Ach cé go ndeirtear go gcruthófar poist nua le cabhair na teicneolaíochta nua, ní léir fós cén saghas post a bheidh i gceist, údar éiginnteachta agus míshuaimhnis do dhaoine atá ag obair i réimse na Gaeilge, aistritheoirí agus ateangairí ina measc.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur thug na Náisiúin Aontaithe rabhadh go bhfuil breis agus fiche faoin gcéad de sholáthar leictreachais na hÉireann á shlogadh ag ionaid sonraí, cnámh droma IS i láthair na huaire.
Ach, mar chomparáid, ní úsáideann na hionaid chéanna ach 4 faoin gcéad i SAM agus 1 faoin gcéad den soláthar leictreachais sa tSín.
Tá sé tuartha go bhféadfadh figiúr na tíre seo ardú go dtí 30 faoin gcéad faoi cheann cúpla bliain agus go mbeidh brú ar leith ar fhoinsí uisce dá bharr.
“Nílim ag rá go bhfuil sé go maith don chine daonna, nílim á rá sin,” a dúirt Ó Riain. “Is ceann de na ceisteanna is mó don chine daonna é sin. Ní féidir a bheith cinnte - an mbeidh tionchar comhchosúil ag an IS ar an ngeilleagar agus a bhí ag na hATManna, mar shampla, nuair a cruthaíodh níos mó post ná mar a cailleadh?
“Nó, an mbeidh tionchar aige níos cosúla leis an réabhlóid thionsclaíoch nó fiú leis an uair a cruthaíodh an roth? Feicfimid.
“Nílimid ag rá le daoine IS a úsáid.” Ach mar sin féin, mar a mhínigh Ó Riain, “Tá an todhchaí linn anois agus tá an Intleacht Shaorga lárnach ann, pé bealach a smaoiníonn muid air.”
Mar sin, tá ceisteanna eiticiúla ann a bhaineann le IS - go háirithe i bhfianaise an smachta iomláin atá ag na comhlachtaí móra ar an earnáil. I gcomhthéacs iomlán neamhspleách, ní bheadh ar dhaoine brath ar Google, ar Meta ná ar a leithéidí eile - bheadh ar rialtais áitiúla a gcuid samhlacha IS féin a thógáil.
Mar fhocal scoir, agus mar shampla b’fhéidir den tábhacht atá le sonraí ar ardchaighdeán a úsáid chun oiliúint a chur ar na múnlaí IS, bhí bhur gcomhfhreagraí ag útamáil le ChatGPT nuair a tháinig sé amach roinnt blianta ó shin, agus d’iarr sé air dán a chumadh de réir rialacha an Dáin Dhírigh. Cén teideal a chuir an intleacht nua seo ar an dán?
“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas!”
Breis eolais: udaras.ie
Foclóir:
Tearc = rare/scarce
míbhuntáiste = disadvantage
acmhainní = resources
ceannfháth = primary motive/driving reason
cúngú = to narrow/close (a gap)
leabaithe = embedded
códmhalartú = code-switching
eisceachtaí = exceptions
streachailt = struggling














