I ndiaidh roinnt seachtainí ina raibh spásanna agus tacaíochtaí cultúrtha i mbéal an phobail, tá freagra ‘spéisiúil’ tugtha ag ionadaí áirithe rialtais: dearbhán €100 a bhronnadh ar dhaoine 18 mbliana d’aois le caitheamh ar imeachtaí cultúrtha agus spóirt.
Tagann an moladh seó ón Teachta Dála Peter Cleere. Cuireadh an scéim, atá á moladh ag Cleere sna meáin ó bhí 2023 ann, chun cinn le seachtain anuas le físeán Instagram. Is geall le brionglóid fiabhrais é an físeán céanna: Peter ‘Chap’ Cleere ag ligean air go bhfuil sé i mbun DJála - nó go deimhin, cé mise le rá nach féidir leis gléas MIDI a úsáid, b’fhéidir gur i mbun DJála atá sé! - fad is a léirítear ócáidí cultúrtha a bheadh mealltach do dhaoine óga (Riverdance, mar phríomhshampla), ar scáileán glas taobh thiar de.
Nílim den tuairim go bhfuil an coincheap go hiomlán gan fiúntas. Tá scéimeanna rathúla cosúil leis i bhfeidhm sa bhFrainc, sa Spáinn, agus san Iodáil, chomh maith leis an KulturPass sa nGearmáin, agus is cinnte gur dheas deis a thabhairt do dhaoine óga blaiseadh a fháil den réimse leathan cultúir agus spóirt atá ar fáil go flaithiúil sa tír seo. Is dócha go mbeadh fiúntas ann d’ionaid chultúrtha, córais taistil, agus bialanna freisin dá mbeadh daoine spreagtha le dul amach agus airgead a chaitheamh ar laethanta nó oícheanta cultúrtha inár gcathracha agus bailte.
Ach le linn ama a bhfuil ionaid ar nós Izakaya faoi ionsaí, spásanna ar nós an Complex á ndúnadh, stiúideonna ealaíne tearc, agus géarchéim thithíochta ag cur bacanna ollmhóra ar stíl agus slí bheatha dhaoine óga na tíre seo, measaim go bhfuil gá le gníomhartha a mbeadh tionchar níos fadtréimhsí acu ar an tírdhreach cultúrtha agus ar shaol na n-óg sa tír seo.
READ MORE
Spásanna Ealaíne agus Cultúrtha a Chosaint
Moladh bunúsach. Ceann de na rudaí is mó a bhíonn de shíor á lorg ag ealaíontóirí ná spásanna inrochtana stiúideo agus cleachtaidh, agus ionaid inar féidir gréasánú a dhéanamh agus pobail a chothú dóibh siúd atá ag cruthú ealaíne. Tá spásanna sóisialta do dhaoine óga gann chomh maith. Níl ach dornán caiféanna inar féidir leat suí i ndiaidh 5in sa bpríomhchathair, is ar éigean go bhfuil tríú spásanna ar fáil i gcuid mhór de na bailte, agus fad is atá daoine ina gcónaí le tuismitheoirí nó le céilithe tí níl an rogha ag cách fáiltiú roimh chairde bualadh isteach chucu. B’iontach tacaíochtaí a chur ar fáil d’ionaid a sholáthraíonn spásanna do chruthaitheoirí (le gur féidir todhchaí an chultúir a shaibhriú) agus do dhaoine óga (ionas go mbeadh ábhar cultúrtha acu agus spásanna sóisialta ar fáil dóibh). Tá an oiread sin foirgnimh fholmha agus dhearmadta sa gcathair freisin a d’fhéadfaí a chur in oiriúint do cheachtar den dá chúis seo, agus tuairim is 131 fhoirgneamh liostáilte faoi úinéireacht CCBÁC nach bhfuil in úsáid faoi láthair.
Réiteach Praiticiúil ar an nGéarchéim Thithíochta
Moladh níos dúshlánaí. Tá fadhbanna uile na sochaí fite fuaite ina chéile agus an ghéarchéim thithíochta ina gcroílár. Agus mé i mbun oibre in earnáil agus pobal a bhraitheann go mór ar an obair dheonach, feicim athrú suntasach le blianta beaga anuas i measc mic léinn agus daoine óga go háirithe, agus baint nach beag ag an ngéarchéim thithíochta agus costas maireachtála na tíre leis ar chúpla bealach. Ar dtús báire, is minic nach mbíonn cónaí ar mhic léinn ná daoine óga sa gcathair níos mó. Is deacair a bheith i do chomaitéir agus saol sóisialta a bheith agat, agus tagann cuid mhór daoine chun na cathrach do léachtaí nó chuig an oifig, agus filleann siad abhaile ar bhus nó traein go gach carn den tír um thráthnóna. Tá easpa spásanna poiblí inar féidir am a mheilt sa gcathair gan airgead suntasach a chaitheamh freisin. Más duine thú le post 9-5, agus má thosaíonn ócáid, rang, nó seal oibre pobail ag 8pm, bheadh costas ar a laghad cupán caife nó béile ar an tréimhse feithimh sin. Is furasta agus is saoire filleadh abhaile. Anuas air sin, éinne a bhfuil costas chíos na cathrach orthu, is minic is gá dóibh obair bhreise a dhéanamh, lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Is beag duine - ón múinteoir a thugann faoi dhiancheachtanna go dtí an cuntasóir a bhfuil cúpla leabhar breise á nglacadh acu - nach bhfuil ag streachailt lena gcostas maireachtála a chúiteamh. Ar bhonn airgid agus ar bhonn ama tá daoine go minic róbhocht nó róghnóthach le freastal ar ócáidí cultúrtha ná le obair chruthaitheach dheonach a dhéanamh, fiú más mian leo é.
Feabhas a chur ar an Scéim um Bunioncam d’Ealaíontóirí
I ndiaidh tréimhse phromhaidh rathúil a chruthaigh na buntáistí a ghabhann lena leithéid d’ioncam rialta do chruthaitheoirí, fógraíodh go ndéanfaí an scéim buan ón mhí seo ar aghaidh. Iontach, ach amháin go bhfuil lochtanna móra ar an gcóras sa gcaoi a bhfuil an ruaig á cur ar an 2,000 ealaíontóir a bhí ag baint leas as an scéim go dtí seo. Is údar díomá é nach bhfuil leanúnachas ná forbairt ar an scéim, atá théis saol roinnt mhaith ceoltóirí agus ealaíontóirí a shaibhriú go mór le cúpla bliain anuas. Scéim atá níos cosúla le crannchur a chuirfear i bhfeidhm anois, agus bronnfar sealanna trí bliana orthu siúd a bheidh cláraithe. B’fhearr i bhfad leanúnachas agus forbairt de réir a chéile ar a leithéid de scéim le bunchosaint a chur ar fáil dóibh siúd atá ag cur le saol cultúrtha na tíre.
Seachtain Oibre Ceithre Lá
Tá sé ráite agam. Dá mbeadh lá breise sa deireadh seachtaine againn, bheadh níos mó ama páirt a ghlacadh i ngrúpaí cultúrtha, freastal ar ócáidí, cúnamh a thabhairt d’fhoirne áitiúla spóirt, ár spéiseanna agus ealaín féin a chothú. Go háirithe i bpobal ar nós na nGael, samhlaigh líon na ndaoine a mbeadh am breise acu tabhairt faoi obair phobail le leithéidí Na Gaeil Óga, stáisiúin raidió pobail, agus comharghrúpaí ar nós Aerach Aiteach Gaelach? Dar le tionscnamh tástála The Autonomy Institute gur lean 92 faoin gcéad de chomhlachtaí le seachtain oibre ceithre lá i ndiaidh dóibh triail a bhaint as, toisc gur tuairiscíodh feabhas ar tháirgiúlacht, leibhéil struis níos ísle, agus gur fhan oibrithe níos faide leis an gcomhlacht ar an meán. Anuas air seo ar ndóigh bheadh buntáistí do thuismitheoirí a bhfuil costas cúraim leanaí orthu, iad siúd atá ag tabhairt cúram baile do ghaolta, daoine a bhfuil comaitéireacht le déanamh acu toisc cíos ard na cathrach… agus freisin, bheadh buntáistí eacnamaíochta ann don earnáil fáilteachais agus cultúir dá mbeadh níos mó ama againn ar fad am a chaitheamh ag idirghníomhú leo. Ní fhéadfá sin a chur ar dhearbhán.
Is scríbhneoir agus craoltóir í Emma Ferrari.
Foclóir:
dearbhán - voucher
brionglóid fiabhrais - fever dream
tearc - scarce
cruthaitheoirí - creators
am a mheilt - to kill/pass time
leanúnachas - continuity, consistency













