Banna síorghlas iad Bell X1 a bhfuil láithreacht bhuan acu i bhfuaimdhreach na tíre le nach mór scór bliain. Níl bunrianta an albaim Blue Lights on the Runway théis dul in éag ná in easnamh ó sheinnliostaí raidió riamh, cé gurbh iomaí casadh sa mbóthar ó shin.
“Ní raibh plean fadtéarmach againn riamh,” arsa Paul Noonan, príomhamhránaí an ghrúpa. “…rinne muid é seo mar gurbh é ár mian é, agus ar an gcúis sin amháin!”

Casaim le Paul agus David Geraghty in óstán lárchathrach. Ordaítear latte, i muga, seachas gloine go sonrach. Glactar go béasach leis an ngloine latte nuair a leaindeálann sé. Umhal in ainneoin a ngairme.
Tá neart théis athrú óna luathlaethanta i dtaobh na hearnála, sochaí, agus cathrach féin.
READ MORE
“Níl George’s Street Arcade mar an gcéanna ó dúnadh Simon’s Place. Ach sin, is cosúil, an áit le póstaer a chrochadh, nó do bhanna crochadh amach ann.”
Tugtar ardú meanma anois dóibh go bhfuil páistí cairde leo i mbannaí ceoil, ag titim i ngrá leis an gceol i measc cairde mar a rinne siad féin…
Déantar machnamh ar an gcaoi ar athraigh modhanna margaíochta na hearnála. “Ní gá duit dul thart ag crochadh póstaer a thuilleadh. Ach ar bhealach b’fhearr liom sin!” Ach a bhfreagra ar na meáin ná cloí leis an rud a oireann dóibh féin.
“Tá scrios ar an mistíc inniu. An mbeadh David Bowie ag glacadh pictiúir dá bhricfeasta len é a chur ar líne? Ní dóigh liom é,” arsa Paul. “Ceapaim go dtuigeann daoine nuair nach bhfuil do chroí istigh ann.”
Tá muintearas agus líofacht teagmhála eatarthu, toradh ar shaol agus gairm i gcomhluadar carad. Míníonn siad sceitimíní faoi shíolta a chur le togra nua a fhás: glórtheachtaireachtaí agus amhráin á roinnt ina “crescendo smaointe”, mar a thugann Paul air. Amhrán áirithe a roinneadh an geábh seo ná The Hammond Song le The Roches.
“Bhí uainn luí isteach air sin: triúr timpeall ar mhicreafón amháin. Agus claonadh folk, bealach níos aibí le mothúcháin a chur in iúl,” a mhíníonn Paul. “Bhí an t-ádh linn cúpla in-stores a dhéanamh, in Spindizzy anseo, agus Corcaigh agus Luimneach, agus rinne muid mar sin é, timpeall ar mhaidhc amháin sa siopa. A lovely full circle.”

Ní fhéadfá léiritheoir daoncheoil níos feiliúnaí a shamhlú ná Josh Kaufman (Bonny Light Horseman), a thaifead leo “mar a bheadh ceathrú ball den bhanna ann,” i séipéilín álainn i dtuaisceart Nua-Eabhrac a tógadh in 1895. Tearmann agus éalú a bhí ag teastáil. Taifeadadh Good Bones sna sála ar bhás a gcarad agus comhcheoltóir Glenn Keating, ar ainmníodh an t-albam ina dhiaidh agus a leasainm ‘G Bone’.
“Mhothaigh muid gur cur síos ceart a bhí ann air. Is léiriú é ar an áit ar taifeadadh an t-albam, mí Aibreáin i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac freisin, na crainnte ar fad fós lom. Cnámharlach. Ach na dathanna ag filleadh.”
Tréimhse i dteannta a chéile a bhí a bhí sa taifeadadh stiúideo, foinse sóláis agus dóláis. “Rud domhain, mothúchánach, a bhí ann le déanamh, ach dúinne, ag teacht isteach ar an áit a gcruthaítear ceol, bhí compord ann,” a mhíníonn David. “Nó ar a laghad inár mbrón comhroinnte, bhí dlúithe le fáil.”
Mar a d’fhill dath na nduilleog, tá dóchas mar a bheadh féirín don éisteoir san albam, go háirithe ar rianta ar nós Leaps and Bounds, ceiliúradh ar leathchéad bliain ar an saol “agus go bhfuil an céad leathlán, seachas leathfholamh” fós, dar le David.
Deis ar leith atá ann cartlannú a dhéanamh ar chlocha mhíle i bhfoirm amhrán.
“Rud álainn é,” a deir Paul, “chas muid inár ndéaga, tá go leor dár saol caite le chéile… nuair a mhaireann tú trí eachraí áirithe le chéile, foghlaimíonn tú conas maireachtáil le do laigeachtaí féin, glacadh le daoine eile, tuiscint go bhfuil chuile dhuine ag streachailt. Is gliú maith é sin.” Briseann Dave isteach air: “tá téarma nua air sin! Trauma bonding!”
Tugtar ardú meanma anois dóibh go bhfuil páistí cairde leo i mbannaí ceoil, ag titim i ngrá leis an gceol i measc cairde mar a rinne siad féin, agus ag léiriú teacht aniar na chéad ghlúine eile.
“Go háirithe in aois IS, is cosúil go bhfuil an óige ag brú ina choinne sin. Is faoiseamh sin. Ní ghlacann siad le rudaí áirithe.”
Tá an diúltú céanna sin le sonrú ar Good Bones féin, go háirithe an t-amhrán Stay Lost, freagra ar eachtraí lámhaigh Minneapolis, agus “ag iarraidh a shamhlú conas sa foc atá sé a bheith i d’inimirceach a bhfuil cónaí ort ar feadh na mblianta i Meiriceá, agus go bpioctar suas ón tsráid thú i ngeall ar dhath do chraicinn agus air sin amháin. Agus níl déanta agat le do shaol ach cur leis an áit… Íosa Críost, faoi cheannaire an domhain shibhialta, mar dhea. Tá sé ar mire.”
Údar eile dóchais dóibh, in ainneoin fadhbanna earnála agus costas maireachtála, gur cosúil nach dtiocfaidh aon rud in ionad an cheoil bheo riamh. “Tá níos mó ticéad per capita á ndíol ná ariamh, go domhanda, measaim,” arsa Paul. “Santaíonn daoine na heispéiris chomhroinnte dhaonna sin fós.”
Albam níos séimhe atá in Good Bones, agus is cur chuige ar leith a bheidh acu agus iad á chasadh den chéad uair thar thrí oíche i Sráid Vicar an tseachtain seo.
“Tosóimid beagán níos luaithe, casfaimid an t-albam ó thús deiridh. Ansin sos, agus tiocfaimid ar ais leis na hits,” ar Paul. Agus David, ”yeah, piriteicnic agus an stuif sin ar fad!”
Tá Good Bones ar fáil ar ardáin sruthaithe anois agus casfaidh Bell X1 oícheanta an 27-29 Samhain 2026 in Vicar Street, Baile Átha Cliath.









