An bhfuil tú réidh chun peann a chur le pár?

Thall is Abhus: Peann le pár; podchraoladh ‘Dúchas’; Emer O’Flaherty agus Hope Macaulay

Tá an tOireachtas ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026 anois.
Tá an tOireachtas ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026 anois.

An bhfuil tú réidh chun peann a chur le pár?

Tá an tOireachtas ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026 anois agus spreagtar scríbhneoirí, údair, filí, iriseoirí agus drámadóirí chun cur isteach ar an réimse leathan catagóirí agus seánraí atá mar chuid de chomortais na bliana seo.

Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d’obair an Oireachtais ó bunaíodh in 1897 é agus tá sé mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, mar aon le litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí nua a mhealladh le dul i mbun pinn.

Cuirfear duaischiste ar fáil do gach comórtas chomh maith le haiseolas luachmhar ón phainéal moltóirí do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar. Cuideoidh an t-aiseolas seo go mór mór le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí.

Seo an tríú bliain ina mbeidh comórtas iriseoireachta do dhaoine faoi 30 urraithe ag NÓS mar chuid de na Comórtais Liteartha. Deis iontach a bheadh sa chomórtas seo do dhuine ar bith ar mhaith leo triail a bhaint as an iriseoireacht nó a bhfuil suim acu in ábhar ar leith. Déanfaidh na moltóirí scileanna iriseoireachta, cumas scéal a chur in iúl, agus scileanna taighde na scríbhneoirí a mheas. Mar aon le duais airgid, foilseofar saothar buacach an chomórtais ar shuíomh NÓS.

Is é an chéad lá de mhí Iúil 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiontrálacha agus is féidir cur isteach ar na Comórtais ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Cuirfidh Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh Chían Mac Coisteala agus Cúán de Búrca an Aoine bheag seo, 27 Feabhra.
Cuirfidh Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh Chían Mac Coisteala agus Cúán de Búrca an Aoine bheag seo, 27 Feabhra.

Podchraoladh ‘Dúchas’ le teacht go Cill Dara

Cuirfidh Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh Chían Mac Coisteala agus Cúán de Búrca an Aoine bheag seo, 27 Feabhra, d’oíche lán le béaloideas, miotaiseolaíocht, sean-nósanna agus pisreoga an phobail.

Gach seachtain ar an phodchraoladh, bíonn deis ag an lucht éisteachta seal a chaitheamh i ‘dteach an dúchais’, áit a bhfoghlaimíonn siad faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. I measc na dtéamaí atá clúdaithe ag na leaids go dtí seo tá an Chailleach, poitín, Naomh Pádraig agus na loirg a d’fhág na Normannaigh ar fhód Bhanba.

I rith an phodchraolta bheo i Nás na Ríogh, cuirfidh Cían agus Cúán scéalta suimiúla os comhair an lucht féachana agus is cinnte go mbeidh rógaireacht agus gáire go leor mar a bhíonn de ghnáth.

Is féidir ticéad don phodchraoladh beo, a bheidh ar siúl ag 33 South Main, Nás na Ríogh ag 7.30pm Dé hAoine, a fháil tríd an nasc sa bhio @cilldaralegaeilge ar Instagram. €5 atá ar thicéad.

Is amhránaí dátheangach agus cumadóir amhrán í Emer O’Flaherty
Is amhránaí dátheangach agus cumadóir amhrán í Emer O’Flaherty

Albam úr nuachumtha Gaeilge ó Emer O’Flaherty

Beidh an chéad albam ó pheann agus ó chroí Emer O’Flaherty, ‘Go Dtí Seo’, le cluinstin beo timpeall na tíre thar na chéad choicíse de mhí an Mhárta. Is amhránaí dátheangach agus cumadóir amhrán í Emer as Contae an Chláir agus tá baint aici le cúrsaí ceoil le fiche bliain anuas. Meascán galánta stíleanna ceoil atá ar an albam nua seo, le ceol tíre, ceol traidisiúnta agus snagcheol chomh maith le hathchóirithe nua ar amhráin ar an sean-nós, amhráin atá iontach gar dá croí.

Ní léi féin a bheidh Emer do na seónna beo chun ‘Go Dtí Seo’ a chur chun cinn, agus in éineacht léi ar an ardán beidh Philip Fogarty, Edel Vaughan, Gráinne Cotter agus Étáin McCooey. Tabharfaidh siad faoi chamchuairt idir 5-13 Márta le ceolchoirmeacha san Aonach, Lios Tuathail, Baile Bhuirne, Gaillimh agus Inis an Chláir.

Ar mhaith leat a bheith ann? Tá tuilleadh sonraí faoi na ceolchoirmeacha, chomh maith le nasc chun albam Emer a cheannach, ar fáil ag emeroflaherty.com/gigs. Is féidir éisteacht leis an albam ar Bandcamp fosta.

Ó 2020 i leith, bíonn dearaí Hope Macaulay le feiceáil i gcuid de na foilseacháin faisin is mó ar domhan, cosúil le Vogue, GQ, Sports Illustrated, Vanity Fair, agus an New York Times.
Ó 2020 i leith, bíonn dearaí Hope Macaulay le feiceáil i gcuid de na foilseacháin faisin is mó ar domhan, cosúil le Vogue, GQ, Sports Illustrated, Vanity Fair, agus an New York Times.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Hope Macaulay

Is ar an chósta galánta ó thuaidh a thosaigh branda Hope Macaulay amach agus í ag cniotáil cairdeagain áille de láimh mar fhreagra ar an treocht úr dopamine dressing le linn na paindéime. Bhláthaigh a branda go mór agus go gasta ina dhiaidh sin, agus anois tá 20 cniotálaí fostaithe aici chun freastal ar an éileamh.

Ó 2020 i leith, bíonn dearaí Hope Macaulay le feiceáil i gcuid de na foilseacháin faisin is mó ar domhan, cosúil le Vogue, GQ, Sports Illustrated, Vanity Fair, agus an New York Times. Tá na cairdeagain agus na geansaithe chomh deas sin go bhfuil píosaí Hope Macaulay ag cúpla duine iontach cáiliúil – Gigi Hadid, Jennifer Hudson agus Naomi Osaka ina measc!

Cé go bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Hope Macaulay, chomh maith le bheith ar an liosta Forbes 30 under 30 sa bhliain 2024, déanann sí iarracht i gcónaí tacú le mná áitiúla, obair fhiúntach a chur ar fáil dóibh agus slabhra soláthair macánta agus inbhuanaithe a choinneáil.

Tá réimse iomlán Hope Macaulay ar fáil ar hopemacaulay.com.