Cuirfear tús go luath leis an chúigiú Seachdain na Gàidhlig agus tá na heagraithe ag gríosú cách le húsáid a bhaint as Gaeilge na hAlban. Arna heagrú faoi choimirce Hands Up for Trad le tacaíocht ó Bhòrd na Gàidhlig, beidh an fhéile ar siúl ón 23 Feabhra go dtí an 1 Márta, in Albain, ar fud an domhain, agus ar líne, faoin mhana ‘Cleachd i no caill i’ (úsáid í nó caill í).
Bunaíodh Seachdain na Gàidhlig in 2022, ag tógáil ar rath #LàAbairtNaGàidhlig agus imeachtaí comhchosúla i dtíortha eile, amhail Seachtain na Gaeilge anseo in Éirinn agus Mìos nan Gàidheal thall in Albain Nua, Ceanada, agus é de sprioc aici an Ghàidhlig a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Is ag méadú atá sí ó shin: beidh féile na bliana seo – an chéad cheann ó bronnadh stádas oifigiúil ar an Ghàidhlig in Albain ar Lá Fhéile Aindrias (an 30 Samhain) anuraidh – níos mó ná riamh.
Ón tús, bhí Seachdain na Gàidhlig ina ceiliúradh idirnáisiúnta, agus beidh céilí i Londain agus tionól ar líne do Ghàidheil na hAstráile mar chuid d’fhéile na bliana seo. Beidh na céadta imeachtaí ar siúl ar fud na hAlban, lena n-áirítear comórtais, ceardlanna, oícheanta filíochta agus airneáil, léachtaí, ranganna, scannáin, ceolchoirmeacha, ciorcail chomhrá agus tuilleadh nach iad.
Le deis a thabhairt do dhaoine ar fud an domhain páirt a ghlacadh san fhéile, eagrófar imeachtaí ar líne, ó cheardlanna rince agus amhránaíochta go ciorcal comhrá, cluiche rólimeartha, lá na t-léinte Gàidhlig (#LnLTGàidhlig) agus seisiún ina míneofar cuid de logainmneacha na hAlban. Cuireadh #LàAbairtNaGàidhlig isteach i Seachdain na Gàidhlig, agus arís eile, ar an 26 Feabhra, iarrfar ar chainteoirí agus ar fhoghlaimeoirí a rogha abairt a chomhroinnt ar na meáin shóisialta faoin haischlib sin.
READ MORE
Tá clár na féile agus tuilleadh faisnéise ar fáil ag https://seachdainnagaidhlig.scot/whats-on/.














