Míshásamh na n-oifigeach pleanála teanga

Tá an córas pleanála teanga ‘briste’ dar le cathaoirleach na Meithle Pleanála

Ruairí Ó Donnáin atá ina oifigeach forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar, Co. an Dúin
Ruairí Ó Donnáin atá ina oifigeach forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar, Co. an Dúin

‘Mar gheall ar an easpa infheistíochta sa Ghaeilge, caitheann formhór na n-oifigeach an t-am atá acu ag líonadh isteach foirmeacha maoinithe agus ag iarraidh teacht ar fhoinsí airgid.”

Sin a dúirt Ruairí Ó Donnáin atá ina oifigeach forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar, Co. an Dúin, agus é ag caint le Tuarascáil faoi na dúshláin atá roimh earnáil na pleanála teanga.

Dúirt Ó Donnáin, atá ina chathaoirleach freisin ar an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga (MNPT), eagraíocht neamhspleách a dhéanann ionadaíocht ar oifigigh pleanála teanga, go bhfuil an córas pleanála teanga ‘briste’.

Dar leis, tá rannóga stáit ag leagan na freagrachta ar a chéile, rud a fhágann oifigigh pleanála teanga ag feidhmiú ar chuid Pháidín den mheacan agus a chuireann bac ar fhorbairt.

“Tá muid ag iarraidh na doirse na n-ionad Gaeilge a choinneáil ar oscailt,” a dúirt Ó Donnáin le Tuarascáil.

“Is briseadh croí é. Is crá croí é nuair a thiocfadh linn an t-am sin a chaitheamh amuigh sa phobal.”

“Tá muid ag iarraidh na doirse do na hionaid Ghaeilge a choinneáil ar oscailt,” a dúirt Ó Donnáin.
“Tá muid ag iarraidh na doirse do na hionaid Ghaeilge a choinneáil ar oscailt,” a dúirt Ó Donnáin.

D’eascair an próiseas pleanála teanga as Acht na Gaeltachta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is minic a thagraítear dó mar ‘stól tríchosach’ - a áiríonn Bailte Seirbhíse Gaeltachta mar chos amháin den stól, agus na Líonraí Gaeilge agus Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ina dhá gcos eile. Feidhmíonn na Líonraí Gaeilge i gceantair atá taobh amuigh den Ghaeltacht agus a bhfuil pobail Ghaeilge iontu. Ach i gceantair eile, deir Ó Donnáin nach bhfuil an tacaíocht chuí á soláthar dóibh.

“Caithfidh Roinn na Gaeltachta a aithint go bhfuil níos mó ag baint le pleanáil teanga ná an Ghaeilge í féin — go mbaineann sé le fostaíocht, go mbaineann sé le hacmhainní, go mbaineann sé le tithíocht, go mbaineann sé le grúpaí pobail eile sa cheantar.”

Ach in ainneoin na ndúshlán agus na heasnaimh, cuirtear réimse leathan seirbhísí luachmhara ar fáil don phobal.

“Tá daoine ar an talamh anseo atá ag déanamh a seacht ndíchill a bheith ag obair le pobail eile, le bheith ag obair le comhlachtaí eile, le bheith ag dul i mbun na hoibre seo,” a dúirt sé.

“Tá formhór na hoibre ag tabhairt tacaíocht do na bunscoileanna Béarla agus ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ansin,” a dúirt Ó Donnáin.

Ní ar scoileanna amháin a dhírítear aird: chun deiseanna a chruthú do theaghlaigh an Ghaeilge a úsáid cuirtear béim ar an mórphobal freisin.

“Bíonn muid ag obair le neart comhlachtaí agus eagraíochtaí sa phobal, ag iarraidh tacú leo seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus brandáil a dhéanamh i nGaeilge — rudaí beaga go dtig leo a chur i bhfeidhm. Formhór den am déantar seo gan airgead. In áit pota airgid a thabhairt dóibh chun rudaí a dhéanamh, cuireann muid am s’againne ar fáil dóibh le tacú leo,” a dúirt sé.

Seomra na gcluichí san ionad cultútha in Áth na Long, Co. an Dúin, on February 4, 2026.
Seomra na gcluichí san ionad cultútha in Áth na Long, Co. an Dúin, on February 4, 2026.

Tá Cultúrlann i bPáirc na Mara in Áth na Long, áit a bhfuil Conradh na Gaeilge ag cur na Gaeilge chun cinn i mBeanna Boirche agus a thugann spás agus deis do dhaoine teacht le chéile chun an pobal Gaeilge a threisiú.

Reáchtáiltear grúpa tuismitheoirí, ranganna agus clubanna óige san ionad pobail, mar aon le caifé a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.

“Tá muid ag iarraidh saol trí Ghaeilge a chur ar fáil - ní hamháin seirbhísí, ach go n-aithneodh daoine go dtig leo gnáthrudaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Ó Donnáin.

Agus is léir go bhfuil toradh dearfach le feiceáil ar an obair. “Níl aon dabht faoi. Ó thosaigh mé sa ról seo, tchím líon na bpáistí atá ag freastal ar an ghaelscoil áitiúil, is deacair dóibh freastal ar an éileamh anois. Táimid cinnte go bhfuil muid ag imirt tionchar air sin, mar gheall ar na seirbhísí atá curtha ar fáil againn do theaghlaigh agus do pháistí, go n-aithníonn tuismitheoirí gur fiú an Ghaeilge, gur níos mó ná ábhar scoile í, agus go dtig leo a saol a chaitheamh tríthi.

“Fiú na daoine fásta – bhí orainn ranganna Gaeilge a chur ar fáil dóibh, bunranganna agus meánranganna. Anois tá 100 dalta ag dul faoi scrúdú ardleibhéil. Is daoine fásta iad sin a thosaigh linn ceithre bliana ó shin \[sa bhunsraith\] agus atá anois in ann scrúduithe stáit a dhéanamh - rud nach raibh ar fáil dóibh riamh.”

Creideann Ó Donnáin gur uirlis chumhachtach í an Ghaeilge agus gur féidir an pobal a neartú tríthi.

“Sílim go bhfuil daoine ag aithint anois go bhfuil níos mó ag baint leis an Ghaeilge ná an teanga í féin, gur pobal ar leith é pobal na Gaeilge, agus go bhfuil áit ann do chách,” a dúirt sé.

Clár imeachtaí i gCultúlann Pháirc na Mara.
Clár imeachtaí i gCultúlann Pháirc na Mara.

Ach in ainneoin na dea-oibre, tá dúshláin struchtúrtha eile ann a chuireann bac ar dhul chun cinn. “Do cheantracha taobh amuigh den Ghaeltacht, cosúil linne, níl plean teanga faofa againn. Is ionann sin agus a rá nach raibh an maoiniú cuí curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge chun ligean dúinn dul i mbun an taighde le feiceáil caidé go príomha atá de dhíth ar phobal na Gaeilge sa cheantar seo.”

Léiríonn na heasnaimh atá ar an eagras áitiúil i mBeanna Boirche cé chomh leathan is atá réimse oibre na n-oifigeach teanga.

“Tá bainisteoir oifige agus oifigeach forbartha gnó de dhíth orainn chun cur leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn,” a dúirt Ó Donnáin.

“ Tá caifé againn, tá leabharlann againn, tá seirbhísí teaghlaigh á gcur ar fáil againn. Tá daoine de dhíth a bhfuil saineolas chuige sin acu ionas go dtig linn forbairt agus fás a dhéanamh.

“Ansin, tá oifigeach forbartha Gaeilge de dhíth ionas go mbeidh siadsan in ann díriú isteach go príomha ar spriocanna an phlean teanga a chur i bhfeidhm.”

Agus deir sé gur amhlaidh atá an scéal i gceantracha eile. “Faoi láthair, tá an chuid is mó de na hoifigigh pleanála teanga agus oifigigh forbartha Gaeilge ag caitheamh na gcaipíní sin ar fad. Tá sin ag cur bac ar an fhorbairt teanga,” a dúirt sé.

Tá an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ag éileamh go dtabharfaidh na húdaráis aghaidh ar an gcás gan mhoill chun todhchaí an phróisis pleanála teanga a phlé.

“Tá an struchtúr briste. Níl duine ar bith ag glacadh freagrachta as na mórthéamaí atá le plé. Tá gach duine ag leagan na freagrachta ar rannóg eile, ar dhaoine eile — tá siad ag rá nach mbaineann sé leis an rannóg pleanála teanga, ach go mbaineann sé leis sin agus siúd,” arsa Ó Donnáin.

“Go dtí go n-aithníonn Roinn na Gaeltachta go bhfuil an chumhacht acu agus go bhfuil orthu an fhreagracht sin a ghlacadh - ní féidir linn mórán dul chun cinn a dhéanamh. Agus sin ceann de na fadhbanna.

“Sílim go n-aithníonn an Roinn go bhfuil pobal na Gaeilge sásta dul i mbun feachtais, agus má tá fadhb againn go rachaidh muid chun sráide — nach bhfuil muid chun suí go ciúin agus ligean don rud rith ar shiúl uainn. Agus déarfainn in amanna go bhfuil siad ag fanacht ar an scairt sin. Is cinnte go gcuidíonn sé sin leo dul i bhfeidhm ar an dá rialtas má tá feachtas mór ar bun againne.”

Tá an grúpa ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách agus agus go mbeadh córas rialála soiléir ann.

“Caithfidh cur chuige éigeandála teangabhunaithe a bheith ann don phobal - tabhair an buiséad cuí dúinn ag tús na bliana agus lig dúinn ár gcuid post a dhéanamh.”

Foclóir: Cuid Pháidín den mheacan - the bare minimum; easpa infheistíochta - lack of investment; ag leagan na freagrachta ar a chéile - passing the buck; eagraíocht neamhspleách - independent organisation; próiseas pleanála teanga - language planning process.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor.